Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 8

  1. Is mise Pól. Is tiománaí bus mé. Tá mo bhean chéile ag obair mar rúnaí. 
  2. Siobhán is ainm dom. Is múinteoir mé. Is garda é m’fhear céile, Brian. 
  3. Haigh, is mise Diarmuid. Is meicneoir mé agus is meicneoir é mo dheartháir, Simon, freisin. 
  4. Dia dhuit. Mise Ciarán. Is altra mé agus is bean a’ tí í Aoife, mo bhean chéile. 
  5. Haigh. Lillian is ainm dom. Is cúntóir siopa mé. Tá mé pósta le Pat. Is iascaire é.
  6. Mise Boris. Is tógálaí mé agus is freastalaí í mo dheirfiúr, Olga.
  1. post, páirtaimseartha, pá, páirc, páiste, pósta 
  2. post, páirtaimseartha, pá, páirc, páiste, pósta 
  3. peann, pictiúrlann, pian 
  4. peann, pictiúrlann, pian 
  5. banc, buan, obair 
  6. banc, buan, obair 
  7. oibríonn, bliain, bí, Béarla, ar chor ar bith 
  8. oibríonn, bliain, bí, Béarla, ar chor ar bith 

Síle: 

Is cúntóir siopa mé agus oibrím gach deireadh seachtaine nuair a bhíonn an siopa gnóthach. Tosaím gach maidin ag a deich a chlog agus críochnaím ag a sé a chlog um thráthnóna. Is post buan páirtaimseartha é. Níl an pá rómhaith ach is breá liom mo phost. 

Máirtín: 

Is múinteoir páirtaimseartha mé i scoil bheag cailíní. Múinim ceol. Oibrím gach maidin. Tosaím gach lá ag ceathrú chun a naoi. Críochnaím ag ceathrú tar éis a haon, téim abhaile agus seinnim ceol. Ní maith liom bheith ag obair sa scoil – is fearr liom ceol a sheinm sa teach tábhairne san oíche. Tá an tuarastal go maith áfach, agus na laethanta saoire! 

Imogen: 

Is rúnaí mé in Ospidéal Thamhlachta. Is post lánaimseartha é agus is maith liom é go mór. Ní post buan é, áfach. Beidh mé dífhostaithe i gceann cúpla mí. Tá an pá an-mhaith – sin rud maith. Caithim éide rúnaí cosúil le gach rúnaí eile san ospidéal. Tosaím ag obair go moch ar maidin, mar sin téim abhaile ag leathuair tar éis a ceathair. Is breá liom é sin!

Is múinteoir mé. Is breá liom mo phost. Oibrím gach lá óna naoi go dtí a ceathair. Bím ag obair sa bhaile freisin, ag ceartú cóipleabhar. Tá na daltaí go deas. Anois is arís bíonn siad dána. Tá na múinteoirí eile sa scoil cairdiúil. Bíonn tuirse orm ag deireadh na seachtaine. Tá m’fhear céile ag obair i gcúrsaí teilifíse. Simon is ainm dó. Bíonn sé ag obair ag an deireadh seachtaine go minic. Tá páiste amháin againn.