Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 4

Thuas staighre, tá an seomra folctha. Tá trí sheomra codlata ann - seomra Aoife, seomra Áine, seomra Joe agus Róisín. Thíos staighre, tá an halla, an seomra suite, an seomra bia agus an chistin. Tá leithreas beag ann fosta.

Is mise Máire Ní Cheallaigh. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá trí sheomra codlata i mo theach. Tá seomra suí, cistin agus seomra bia ann chomh maith.

Is mise Pádraig Ó Súilleabháin. Tá mé i mo chónaí i gCorcaigh le mo bhean agus mo chlann. I mo theachsa, tá ceithre sheomra codlata thuas staighre againn – seomra ag mo mhac Tomás, seomra ag m’iníon Áine agus seomra agam féin agus Ciara agus seomra do chuairteoirí. Tá seomra folctha ann chomh maith. Thíos staighre, tá an chistin, an seomra bia, an seomra suí, an halla agus leithreas.

Is mise Nóra Ní Dhónaill. Tá mé i mo chónaí in árasán. Tá dhá sheomra codlata ann. Tá cistin, seomra suí agus seomra folctha ann chomh maith.

Script - 03 An Fhoghraíocht – c leathan agus c caol

Cuid A

1. cathaoir
2. cuisneoir
3. cara
4. seomra codlata
5. cúig
6. ciúin
7. ceart
8. cistin
9. ceann
10. cinn

Cuid B

1. Tá tábla beag agus cathaoir i seomra Aoife.
2. Tá cuisneoir nua sa chistin.
3. Tá sí ag roinnt árasáin le cara.
4. Tá seomra codlata amháin san árasán.
5. Tá cúig sheomra sa teach.
6. Is maith liom é - tá sé ciúin.
7. Tá m’árasán ceart go leor.
8. Tá cistin bheag ann.
9. Tá trí sheomra codlata ann – tá ceann amháin thíos staighre.
10. Cé mhéad cathaoir atá ann? Trí cinn.

  1. A: Cén chuma atá ar an seomra suí?
    B: Tá sé cuibheasach mór. Tá tolg agus dhá chathaoir ann agus tá teilifíseán ann chomh maith. 
  2. A: Cad é atá sa seomra codlata?
    B: Tá leaba agus cathaoir ann.
  3. A: An bhféadfá eolas a thabhairt dom faoin chistin, le do thoil?
    B: Tá sorn nua ann agus cuisneoir beag. 
  4. A: Agus inis dom faoin seomra bia?
    B: Sa seomra bia, tá tábla dar ndóigh, agus sé chathaoir.

1. Mise Síle. Tá mé i mo chónaí i gCorcaigh. Tá mé ag roinnt árasáin le beirt eile – Caroline agus Aoife.
2. Tomás is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i dteach dhá stór cois farraige le mo bhean chéile agus mo mhac agus m’iníon.
3. Mise Pádraig. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá mé i mo chónaí i m’aonar in árasán i lár na cathrach.
4. Mise Michelle. Tá mé i mo chónaí i nDoire. Ta mé ag roinnt árasáin le mo pháirtí Joe le cúpla bliain anois.

Gearóid is ainm dom. Tá mé i mo chónaí i nGaillimh. Tá mé ag roinnt tí le triúr eile. Tá ceithre sheomra codlata sa teach. Tá cistin, seomra bia agus seomra suí ann chomh maith. Tá seomra folctha thuas staighre agus leithreas thíos staighre. Níl an cíos ródhaor – míle euro sa mhí. Is breá liom an teach. Tá sé ciúin agus réitím go maith leis na daoine eile. 

Is mise Síle. Tá mé i mo chónaí in árasán. Tá mé i mo chónaí i m’aonar. Tá dhá sheomra codlata san árasán - seomra dom féin agus seomra eile. Tá cistin, seomra suí agus seomra folctha ann chomh maith. Is maith liom an t-árasán – tá sé glan agus breá ciúin ach tá an cíos daor – 600 euro sa mhí.

Comhrá 1:
A: Gabh mo leithscéal, cá bhfuil an leithreas le do thoil?
B: Tá sé ansin – an tríú doras ar dheis.

Comhrá 2:
A: Cá bhfuil an chistin, le do thoil?
B: Tá sé díreach ansin – an dara doras ar chlé.
A: Go raibh maith agat.

Comhrá 3:
A: Cá bhfuil seomra Eoin le do thoil? (páiste óg).
B: Tá sé ansin a stór, an dara doras ar dheis.

Comhrá 4:
A: Gabh mo leithscéal, an bhfuil an leithreas thuas staighre?
B: Níl, tá sé ansin go díreach – an tríú doras ar chlé.
A: Á go raibh maith agat.