Cluas Tuiscint / Listening Comprehension
Topaic 10
Script - 02 Tinneas agus Gortuithe
- Tá pian i mo lámh.
- Tá tinneas cinn orm.
- Tá pian i mo ghlúin.
- Tá déideadh orm. / Tá tinneas fiacaile orm.
- Tá pian i mo bholg.
- Tá pian i mo chos.
- Tá tinneas cluaise orm.
- Tá pian i mo dhroim.
- Tá mo scornach tinn.
- Tá slaghdán orm.
- Tá pian i mo mhuineál.
- Tá pian i mo sciathán.
Script - 03 An Fhoghraíocht – m
Cuid A
maith
muineál
máthair
mór
monarcha
múinteoir
Dé Máirt
méar
milseog
níos measa
meicneoir
measartha
Cuid B
Ní mhothaím go maith.
Tá pian ina muineál.
Tá a máthair óg.
Tá sí ina cónaí in árasán mór.
Oibríonn sé i monarcha.
Is múinteoir maith í.
Téim ag siúl Dé Máirt.
Tá pian ina méar.
Bhí milseog agus caife againn.
Mothaím níos measa inniu.
Is meicneoir é.
Níl mé ach go measartha.
Script - 05 Cad a tharla?
Comhrá a 1:
Pól: Dia duit a Mháire. Cad é mar atá tú?
Máire: Go breá, go raibh maith agat. Cad é mar atá tú féin?
Pól: Ó, ní mhothaím go maith inniu.
Máire: Cad é atá cearr leat?
Pól: Bhuel, bhí mé sa teach tábhairne go dtí go a haon déag a chlog aréir agus tá tinneas cinn orm an lá ar fad.
Máire: Ó is mór an trua sin. Tóg táibléad agus téigh a luí go luath anocht!
Pól: Ach tá mé féin agus Barra ag dul go dtí an phictiúrlann anocht agus tá a fhios agam go bhfuil sé ag súil go mór leis an scannán nua le Spielberg a fheiceáil.
Comhrá a 2:
Síle: Dia duit a Shéamais. Conas atá tú?
Séamas: Go breá, go raibh maith agat. An bhfuil tú féin go maith?
Síle: Ó, ní bhraithim go maith.
Séamas: Céard atá ort?
Síle: Bhí mé ag obair ar an ríomhaire an lá ar fad inné agus tá pian i mo dhroim agus i mo mhuineál anois.
Séamas: Is trua sin. An raibh tú ag an dochtúir?
Síle: Bhí mé istigh ag an dochtúir inné. Dúirt sé go bhfuil mé ag obair go róchrua agus gur cheart dom sos a thógáil ón obair.
Séamas: Is dócha go bhfuil an ceart agat. Ba cheart duit féin agus Diarmuid dul go Ciarraí don deireadh seachtaine fada agus
Comhrá a 3:
Orla: Haigh a Phádraig! Cad a tharla duit? (Iontas ina glór)
Pádraig: Bhí mé ag imirt rugbaí Dé Máirt agus bhris mé mo lámh. Tá pian uafásach i mo chos fosta. Ní bheidh mé ag imirt rugbaí arís go ceann tamaill! (gáire)
Orla: A chréatúir. Is mór an trua sin. Éist, tóg go bog é agus tabhair aire duit féin.
Pádraig: Go raibh maith agat.
Comhrá a 4: Fón ag bualadh
Niamh: Haigh a Eoin. Conas atá tú?
Eoin: Go maith, go raibh maith agat. Cad é mar atá tú féin?
Niamh: Tá mise go breá ach ar chuala tú an scéal? Bhí Síle ag imirt leadóige ar maidin agus thit sí agus ghortaigh sí a glúin. Bhí pian uafásach uirthi. Chuaigh muid go dtí an otharlann.
Eoin: Ó, an créatúr. Cad é mar atá sí anois?
Niamh: Tá sí ceart go leor. Tá sí ag mothú níos fearr anois.
Eoin: Is maith sin. Cuirfidh mé glaoch uirthi nuair a bheidh mé sa bhaile anocht.