Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 5

A. Caitheamh aimsire

1. Imrím leadóg.
2. Téim go dtí an amharclann.
3. Seinnim an pianó.
4. Imrím peil.
5. Téim ag snámh.
6. Féachaim ar an teilifís.
7. Imrím iománaíocht.
8. Téim chuig ceolchoirm.
9. Téim go dtí an phictiúrlann.
10. Téim chuig dráma.
11. Éistim le ceol.
12. Téim go dtí an teach tábhairne.
13. Éistim leis an nuacht.
14. Seinnim an giotár.
15. Téim ag siúl.
16. Féachaim ar scannán.

B. Caitheamh Aimsire

Comhrá 1: Caitlín:
Agallóir: Anois a Chaitlín. Cad é a dhéanann tú i d’am saor?
Caitlín: Imrím leadóg agus téim ag siúl.
Agallóir: An imríonn tú galf?
Caitlín: Ní imrím.

Comhrá a 2: Antain
Agallóir: Anois a Antain. Céard a dhéanann tú i d’am saor?
Antain: Féachaim ar an teilifís agus téim go dtí an teach tábhairne.
Agallóir: An imríonn tú peil?
Antain: Imrím anois is arís.

Comhrá a 3: Peadar
Agallóir: Anois a Pheadair. An imríonn tú iománaíocht?
Peadar; Ní imrím ach imrím peil.
Agallóir: An éisteann tú leis an raidió?
Peadar: Éistim.

Comhrá a 4: Clár
Agallóir: An dtéann tú go dtí an phictiúrlann go minic?
Clár: Ní théim. Éistim le ceol agus seinnim an giotár.

Cuid A

leadóg
teilifís
peil
éist le
ceol
Luan
pictiúrlann
amharclann
clár
siúl

Cuid B

1. Imrím leadóg.
2. Féachaim ar an teilifís.
3. Imrím peil.
4. Éistim le ceol.
5. Téim go dtí an phictiúrlann.
6. Téim go dtí an amharclann.
7. Téim ag siúl.
8. Is maith liom an clár sin.

Comhrá 1: Niamh
Agallóir: Anois, a Niamh. Cén caitheamh aimsire atá agat?
Niamh: Is breá liom dul ag snámh. Is maith liom drámaí agus ceol, popcheol go háirithe. Níl suim
dá laghad agam sa teilifís ach is maith liom dul go dtí an teach tábhairne anois is arís.

Comhrá 2: Liam
Agallóir: A Liam, an maith leat ceol?
Liam: Is maith, go háirithe ceol traidisiúnta.
Agallóir: An bhfuil suim agat i ndrámaí?
Liam: Níl suim dá laghad agam i ndrámaí ach is breá liom an teilifís.
Agallóir: Agus cad é faoin teach tábhairne? An maith leat dul go dtí an teach tábhairne?
Liam: Is breá liom dul go dtí an teach tábhairne ag an deireadh seachtaine.
Agallóir: An maith leat bheith ag snámh?
Liam: Ní maith - is fuath liom dul ag snámh

Comhrá 3: Aoife
Agallóir: Cad é fútsa a Aoife? An maith leat a bheith ag snámh?
Aoife: Is maith liom dul ag snámh sa samhradh.
Agallóir: An maith leat an teilifís?
Aoife: Is breá liom féachaint ar an teilifís ag an deireadh seachtaine. Níl suim dá laghad agam san amharclann agus i ndrámaí.
Agallóir: Agus an maith leat dul go dtí an teach tábhairne?
Aoife: Is fuath liom dul go dtí an teach tábhairne.

Comhrá 4: Eoin
Agallóir: Cén caitheamh aimsire atá agatsa a Eoin?
Eoin: Is maith liom féachaint ar an teilifís i rith na seachtaine. Is breá liom drámaí – téim go dtí
an amharclann go minic. Is maith liom dul go dtí an teach tábhairne ag an deireadh
seachtaine. Níl suim dá laghad agam sa cheol. Ní maith liom dul ag snámh.

Pádraig:
Haigh is mise Pádraig. Tá mé i mo chónaí i Luimneach. Is maith liom sacar – imrím cluiche sacair gach deireadh seachtaine le mo chairde anseo i Luimneach. Is fuath liom galf, tá sé an-leadránach ar fad agus ní maith liom iomáint ach an oiread.

Caitríona:
Caitríona atá ormsa. Is as Baile Átha Cliath mé ach tá mé i mo chónaí i nDoire anois. Is maith liom scannáin ach is fearr liom drámaí. Is maith liom féachaint ar an nuacht ar an teilifís. Is fuath liom spórt, gach cineál spóirt, ach go háirithe rugbaí.

Pól:
Mise Pól. Tá mé i mo chónaí i mbaile beag gar do Ghaillimh. Is breá liom ceol agus ag dul chuig ceolchoirmeacha. Is maith liom sacar ach is fearr liom peil ghaelach. Tá club maith peile sa bhaile anseo. Is fuath liom leadóg agus ní maith liom a bheith ag siúl nó ag snámh.

Eibhlín:
Haigh Eibhlín anseo. Tá mé i mo chónaí i dTrá Lí. Is breá liom dul go dtí na tithe tábhairne. Is maith liom an phictiúrlann ach is fearr liom dul go dtí an amharclann. Ní maith liom an teilifís agus is fuath liom gach cineál spóirt.