Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 3

singil
scartha
pósta
páiste
singil
siopa
seo é
páiste
tuismitheoir
scartha
pósta

scoil
Sasanach
Spáinneach
is
deirfiúr
deartháir
táimid
Deirdre
deichniúr
duine
cé mhéad

1. Is mise Déaglán. Tá mé pósta le Ciara.
2. Is mise Danny. Níl mé pósta anois, tá mé colscartha.
3. Mairéad is ainm dom. Tá mé scartha.
4. Trevor is ainm dom. Tá mé pósta le Maria.
5. Is mise Maria, bean chéile Trevor.
6. Bróna is ainm dom. Níl mé pósta.
7. Is mise Declan. Lisa is ainm do mo bhean chéile.
8. Haigh! Is mise Sharon. Tá mé singil… An bhfuil tusa singil?

Haigh! Is mise Ciara agus seo iad mo mhuintir: Máire, mo mháthair agus m’athair, Seán. Tá deirfiúr amháin agam, Lorna. Tá sí pósta le Séamus. Tá beirt pháistí acu, Jack agus Patrick. Tá deartháir amháin agam freisin, Colm. Níl sé pósta go fóill; tá sé singil. Tá mé pósta le José. Is as an Spáinn do. Tá beirt pháistí againn; mac amháin, José-Angel, agus iníon amháin, Orlagh.

A haon: Is baintreach fir mé. Fuair mo bhean chéile bás cúpla bliain ó shin. Tá beirt
iníonacha agam agus mac amháin. Táimid inár gcónaí i Luimneach. Tá m'athair ina
chónaí linn le cúpla bliain anuas.
A dó: Tá cúigear i mo theaghlach, mo thuismitheoirí san áireamh. Séamus is ainm do
m'athair agus Kitty is ainm do mo mháthair. Tá beirt deirfiúracha agam, Anna agus Lisa.
Is é Jimmy mo pháirtí.
A trí: Irene is ainm dom. Tá beirt deirfiúracha agus beirt deartháireacha agam. Tá mé i
mo chónaí gar do mo dheirfiúr, Sharon. Is duine singil mé. Tá mac óg agam, Tomás is
ainm dó.

A ceathair: Is mise Muireann. Níl aon deartháir ná deirfiúr agam. Tá mé pósta le
Paschal. Tá iníon amháin againn agus tá mo thuismitheoirí ina gcónaí linn freisin.
A cúig: Jonathan is ainm dom. Tá mé pósta le Simone le sé bliana anois. Is as an
Fhrainc do Simone. Tá iníon amháin againn, Sarah, atá ceithre bliana d'aois agus táimid
ag súil le páiste eile. Táimid inár gcónaí i gCorcaigh.
A sé: Is mise Simon. Tá mé colscartha ó mo chéad bhean chéile, Joan, agus tá mé
pósta anois le Gina. Tá mac amháin agam agus tá beirt mhac ag Gina.

Aoife: Haigh! Is mise Aoife. Nach tusa deartháir Alan?
Breandán: Sea, is mise Breandán. An bhfuil aithne agat ar Alan?
Aoife: Tá. Tá Alan mór le mo thuismitheoirí, Laura agus Frank.
Breandán: Ó is tusa iníon Laura agus Frank! Tá sé go deas bualadh leat.
Aoife: Cé mhéad deartháir atá agat? Deartháir amháin, an ea?
Breandán: ‘Sea agus deirfiúr amháin. Síle is ainm di. Tá sí pósta le Morris agus tá iníon acu,
Mairéad.
Aoife: An bhfuil tú féin pósta?
Breandán: Níl, tá mé singil. Agus tusa?
Aoife: Tá mé singil freisin.