Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 9

Liosta Mháire 

Scéalaí: Tá Máire ag caint lena fear céile, Simon.
Máire: Tá mé ag dul go dtí an siopa. Cad atá ag teastáil uainn?
Simon: Tá arán agus im ag teastáil, pé scéal é.
Máire: Arán agus im, ok. Ar mhaith leat iasc don dinnéar agus prátaí b’fhéidir?
Simon: Go breá.
Máire: Iasc agus prátaí ar an liosta mar sin!
Simon: Cad faoi bhuidéal fíona don dinnéar freisin?
Máire: Mmm. Fíon geal leis an iasc!
Simon: Agus uachtar reoite, b’fhéidir?
Máire: Mmm. Cinnte!
Simon: (Osclaíonn sé an cuisneoir) Oh oh, níl aon bhainne fágtha!
Máire: Dhá lítear bainne mar sin. Ceart go leor. Chífidh mé ar ball thú!
Simon: Slán leat! 

Liosta Thomáis 

Scéalaí: Tá Tomás ar an nguthán lena chara, Aoife.
Aoife: Hi, a Thomáis. Aon scéal?
Tomás: (agus é buartha, faoi bhrú) Aoife, …tá mé díreach istigh ó chluiche rugbaí agus tá teachtaireacht ar an nguthán ó mham. Tá sí ag teacht chun an t-árasán nua a fheiceáil anois! Tá an áit trína chéile!
Aoife: (Ag gáire) Tabhair cupán tae di agus píosa císte agus beidh gach rud ceart go leor.
Tomás: Tae agus císte? Níl aon bhia san árasán! Ceannaím cupán caife sa gharáiste ar mo Bhealach go dtí an obair ar maidin, ithim ceapaire san oifig ag am lóin agus téim go dtí an chipper do mo dhinnéar!
Aoife: (go gealgháireach) Téigh go dtí an siopa Spar ag an gcúinne. Faigh tae, bainne, siúcra agus císte, b’fhéidir buidéal uisce chomh maith. Beidh tú ar ais in am.
Tomás: (Cloisimid scríobadh a phinn agus é ag caint) Tae, bainne, siúcra agus císte. Buidéal uisce…Go maith, smaoineamh maith! Eh, ar mhaith leat dul go dtí an pizzeria nua sin don dinnéar anocht?
Aoife: An-smaoineamh ar fad. Feicfidh mé thú ag a hocht a chlog mar sin. Abair ‘Hello’ le do mham! Slán go fóill!  (Cloisimid cloigín an dorais ag bualadh)
Tomás: Ó, a Thiarna. Sin í ag an doras cheana féin!

Bia, béile, bille, uisce beatha, 

Buan, banc, bord, banaltra 

Do bhia, do bhéile, do bhille, do bheatha 

Mo bhord, mo bhanc, dubh, ubh

Tá tú an-mhaith ar fad chun dul go dtí na siopaí dom. Anois faigh tae, bainne agus siúcra dom. Fan nóiméad, céard eile atá uaim? ‘Sea - arán bán agus im. Ba mhaith liom torthaí freisin – is cuma cén cineál má tá siad úr agus faigh iasc chomh maith, bradán má tá sé le fáil. Ó, sea, rud amháin eile – uibheacha le do thoil. Go raibh míle maith agat.

Siobhán: Tá ocras orm ach níl ceapaire uaim. Ní ithim arán na laethanta seo; tá mé ar diet, tá fhios agat féin, a Róisín.
Róisín: Ó, inseoidh mé seo duit a Shiobhán, is breá liomsa arán! Ithim arán tóstáilte don bhricfeasta, ceapaire don lón agus arán arís le mo dhinnéar!
Siobhán: Ó!!! Bhuel, is breá liomsa torthaí. Ithim torthaí cúpla uair gach lá.
Róisín: Ní ithim féin torthaí. Is fuath liom iad. Glasraí, sin rud eile. Is breá liom glasraí agus prátaí le mo dhinnéar.
Siobhán: Ní ithim prátaí… Is maith liom rís uaireanta ceart go leor! Ní ithim feoil agus ní ithim im!
Róisín: Agus an ólann tú alcól ar an diet seo?
Siobhán: Ní ólaim. Is breá liom cupán tae ar maidin agus ag am lóin agus seacht ngloine uisce sa lá.
Róisín: Is maith liom tae ceart go leor, agus caife, ach uisce - is fuath liom é! Ní ólaim riamh é! Is breá liomsa uisce beatha!!!
Siobhán: Mmm (le drochmheas ina glór). Tuigim!

Scéalaí: Tá Maria agus Éamonn i mbialann.

Freastalaí: An bhfuil sibh réidh le hordú?
Maria: Tá. Ba mhaith liom arán gairleoige agus ansin iasc le do thoil.
Freastalaí: Go breá. Ar mhaith leat prátaí, sailéad nó rís leis an iasc?
Maria: Prátaí le do thoil.
Freastalaí: Agus tú féin?
Éamonn: Feoil agus rís, más é do thoil é.
Freastalaí: Go maith. Ar mhaith leat féin réamhchúrsa?
Éamonn: Níor mhaith, go raibh maith agat.
Freastalaí: Milseog?
Éamonn: Beidh uachtar reoite agam, más é do thoil é.
Maria: Agus agamsa freisin.
Freastalaí: Ar mhaith libh deoch?
Maria: Gloine fíona, le do thoil, agus gloine uisce chomh maith.
Éamonn: Tá mise ag tiomáint, mar sin gloine uisce, go raibh maith agat.
Freastalaí: Go breá ar fad. Go raibh maith agaibh.

Tá caifé nua ag oscailt ar Shráid Eoin. Caifé an Róis is ainm don chaifé agus beidh sé ag oscailt Dé Luain seo chugainn. Buail isteach agus ól cupán tae ar €2, cupán caife ar €2.50, gloine fíona ar €3.50 nó gloine bainne do na páistí ar €2. Bíodh ceapaire agat ar €3, milseog ar €3.50 agus uachtar reoite don leanbh ar €2.50. Má tá ocras mór ort, ith ceapaire agus císte agus ól dhá chupán caife ar €10. Sin margadh! Buail isteach agus beidh fáilte mhór romhat.