Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 14

Síle: Hi Alan, conas atá tú? 

Alan: Go breá go raibh maith agat. Éist ar mhaith leat dul go Barcelona liom ar feadh cúpla lá ar laethanta saoire? 

Síle: Alan! Ba bhreá liom? Cén uair? 

Alan: Am éigin i mí Iúil nó i mí Lúnasa. Tá mo dheartháir, Pól, ina chónaí ansin agus tá árasán deas aige. 

Síle: Ó tá sin go hiontach. Ach anois, beidh mo chara Andy ag pósadh ar an chéad lá d’Iúil agus ansin ar an seachtú lá d’Iúil beidh ceolchoirm U2 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh – tá na ticéid agam cheana féin. 

Alan: Ceart go leor, rinne mé dearmad air sin. Fan anois, tá mo dhialann agam anseo. Níl mise saor ar an deichiú lá d’Iúil, beidh cruinniú agam san obair agus ansin beidh mé an-ghnóthach san obair an chuid eile de mhí Iúil. 

Síle: Cad faoi mhí Lúnasa – níl mise saor ar an dara lá, beidh cóisir mo mháthar ann – beidh sí caoga bliain d’aois. 

Alan: Bhuel cad faoin deichiú lá de Lúnasa? 

Síle: Go breá ar fad. Níl faic ar siúl agam an tseachtain sin ar fad. Ó tá mé ag súil go mór leis, tá súil agam nach mbeidh an aimsir róthe. Tá a fhios agat gur maith liom an teas ach....

Comhrá 1 

A: Ar mhaith leat dul go dtí an teach tábhairne anocht?
B: Ba bhreá liom ach beidh mé obair go mall. An tseachtain seo chugainn b’fhéidir, ní bheidh mé chomh gnóthach ansin. 

Comhrá 2 

A: Ar mhaith leat dul chuig scannán ag an deireadh seachtaine?
B: Ba bhreá liom. Go raibh maith agat! An bhfuil aon scannán maith ar siúl faoi láthair?
A: Tá an ceann nua le Spielberg ag tosú ar an Aoine sílim. 

Comhrá 3 

A: An mbeidh tú saor san oíche amárach? Beidh dráma maith san amharclann.
B: Tá brón orm ach tá slaghdán agus casachtach orm ach go raibh maith agat - am éigin eile b’fhéidir?
A: Cinnte, tabhair aire duit féin. Cuirfidh mé glao ort an tseachtain seo chugainn. 

Comhrá 4 

A: Ar mhaith leat dul chuig seisiún ceoil oíche Luain?
B: Ó, ba bhreá. Bheadh sin go deas, is fada ó bhí mé ag seisiún maith ceoil. 

Comhrá 5 

A: Ar mhaith leat leadóg a imirt liom tráthnóna Dé Domhnaigh?
B: Ó, tá brón orm ach ní féidir liom, ghortaigh mé mo ghlúin. Ní féidir liom siúl fiú!
A: A chréatúir bhoicht. Tabhair aire duit féin. 

Comhrá 6 

A: Ar mhaith leat dul chuig ceolchoirm oíche Aoine?
B: Cén grúpa?
A: Altán
B: Ó, ba bhreá liom – is breá liom Altán ach ní fhaca mé ar an stáitse iad le tamall fada. 

Comhrá 7 

A: Beidh cóisir ag Síle oíche Dé Sathairn. Ar mhaith leat dul liom?
B: Ba mhaith cinnte! Cén áit a mbuailfimid le chéile?
A: Cad faoi chúpla deoch a ól san óstán roimh ré?
B: Sin smaoineamh maith

Comhrá 1 

A: Ar mhaith leat dul chuig Rocky 6 Dé hAoine?
B: Ó, níor mhaith - chonaic mé roimhe é.
A: Ar mhaith leat dul chuig dioscó, mar sin?
B: Ba bhreá liom.
A: An mbuailfimid le chéile timpeall a haon déag a chlog taobh amuigh den chlub oíche?
B: Ceart go leor. Tcífidh mé Dé hAoine tú mar sin. 

Comhrá 2

A: An maith leat bia Iodálach?
B: Ó is breá liom é.
A: Ar mhaith leat dul go dtí an bhialann nua an deireadh seachtaine seo?
B: Bheadh sin go deas
A: Cad faoi oíche Shathairn?
B: Ó... níl mé saor, an mbeidh tú saor Dé Domhnaigh?
A: Beidh. An gcasfaimid le chéile sa bhialann ar 7.30?
B: Tá sin go breá. Go raibh maith agat. Slán go fóill. 

Comhrá 3 

A: Beidh breithlá Joe ann Dé hAoine agus beidh cóisir aige. Ar mhaith leat dul liom?
B: Ba mhaith liom cinnte. Cén t-am a mbuailfimid le chéile?
A: Thart ar a hocht.
B: Ceart go leor. Tcífidh mé tú Dé hAoine ar a hocht mar sin

Comhrá 4 

A: Ar mhaith leat dul ag siúl tráthnóna Dé Domhnaigh?
B: Bheadh sin go deas. Cén t-am a gcasfaimid le chéile?
A: Thart ar a cúig a chlog?
B: Go hiontach. Feicfidh mé tú Dé Domhnaigh ar a cúig mar sin. Tá súil agam go mbeidh an aimsir go deas. 

Comhrá 1

Aoife: Haló! Aoife anseo.
Pádraig: Haigh Aoife. Fuair mé do théacs. Tá brón orm. Ba bhreá liom dul go dtí an teach tábhairne oíche Aoine ach ní bheidh mé saor. Beidh breithlá mo dheartháir ann. Céard faoi oíche Dé hAoine seo chugainn?
Aoife: Tá sin ceart go leor. Cén t-am a bhuailfimid le chéile?
Pádraig: leathuair tar éis a naoi.
Aoife: Agus cén áit?
Pádraig: Céard faoin teach tábhairne?
Aoife: Tá sin go breá. Feicfidh mé ansin tú. Slán go fóill. 

Comhrá 2

Máire: Agus éist, go raibh maith agat as an chuireadh. Ba bhreá liom dul go dtí an seisiún ceoil leat ach tá mé tinn. Tá slaghdán orm le cúpla lá anois.
Aoife: Ó a chréatúir, am éigin eile mar sin.
Máire: Cinnte. Cuirfidh mé glaoch ort.
Aoife: Tabhair aire duit féin. Slán go fóill. 

Comhrá 3

Aoife: Haló! Aoife anseo.
Joe: Haigh Aoife. Go raibh maith agat as do théacs. Ba bhreá liom dul chuig an chóisir leat oíche Shathairn
Aoife: Ó go hiontach ar fad. Cén t-ám a bhuailfimid le chéile?
Joe: Ag a naoi a chlog ag teach Ian. An oireann sin duit?
Aoife: Tá sin go breá. Feicfidh mé tú ar a naoi a chlog ag teach Ian mar sin.
Joe: Ceart go leor. Slán go fóill.

Comhrá 4

Aoife: Haló!
Nuala: Haigh Aoife. Go raibh maith agat as an téacs. Éist, tá brón orm ach ní bheidh mé saor maidin Dé Sathairn. Beidh mé ag obair ar an drochuair. Céard faoi thráthnóna Dé Sathairn?
Aoife: Ó ceart go leor. Tá sin go breá. Cén t-am a bhuailfimid le chéile?
Nuala: Timpeall a cúig a chlog.
Aoife: Ceart go leor. Cén áit?
Nuala: Taobh amuigh de chaifé Bewleys.
Aoife: Go hiontach. Tchífidh mé ansin tú. Slán.
Nuala: Slán go fóill.

Comhrá 5

Aoife: Haló! Aoife anseo.
Síle: Haigh Aoife. Fuair mé do théacs ar maidin. Tá sin go hiontach. Beidh mé saor oíche amárach agus ba bhreá liom dul chuig scannán. Tá ceann an-mhaith ar siúl sa Savoy ag leathuair ar éis a ocht. Cén t-am a bhuailfimid le chéile?
Aoife: Cad faoi a hocht a chlog?
Síle: Tá sin go breá. Buailfidh mé leat taobh amuigh den phictiúrlann mar sin.
Aoife: Ceart go leor. Feicfidh mé tú ansin ar a 8.00.
Síle: Iontach maith. Slán go fóill. 

Script - 09 An Fhoghraíocht – ea, éa agus eá

Cuid A

sealadach 

deas 

níos measa 

sean 

séan 

Seán 

bean 

scéal 

fear 

breá 

Cuid B

Is post sealadach é. 

Tá an geansaí sin deas. 

Mothaím níos measa inniu. 

Is seanteach é. 

Ar mhaith leat dul ag snámh? 

Is fear cliste é. 

Is bean chairdiúil í. 

Sin scéal maith. 

Tá Séan tinn. 

Is breá liom an bia anseo.