Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 7

1. Éist leis na focail seo a leanas. Tá an fhuaim ‘o’ iontu ar fad: mo, do, toil, orm, ocht, obair
2. Éist leis na focail eile seo. Tá an fhuaim ‘ó’ iontu ar fad: cló, leor, ceol, brón, rómhaith, foghlaim, feadóg, óstán, cócaireacht
3. Anois, abair na focail seo a leanas i mo dhiaidh: mo, do, toil, orm, ocht, obair
4. Agus na focail seo a leanas: cló, leor, ceol, brón, rómhaith, foghlaim, feadóg, óstán, cócaireacht

Is mise Éamonn. Is breá liom féin agus mo bhean chéile, Siobhán snámh. Ar an drochuair níl aon linn snámha in aice linn sa mbaile in Éirinn. Ach téann muid ag snámh nuair a théimid ar laethanta saoire go dtí an Spáinn gach bliain. Tá mé féin an-mhaith ag snámh agus tá Siobhán réasúnta maith freisin. Is breá leis an mbeirt againn tiomáint, tá tiomáint mhaith ag an mbeirt againn. Níl clóscríobh agamsa ar chor ar bith ach tá scileanna ríomhaireachta maithe ag Siobhán. Níl ceol ag ceachtar den bheirt againn.

Rónán:
Tá orm ríomhaire a úsáid san obair agus mar sin tá scileanna maithe ríomhaireachta agam agus clóscríobh. Tá tiomáint agam ar ndóigh freisin. Is ball de theaghlach ceolmhar mé agus seinnimid ar fad ceol; mé féin seinnim an pianó agus tá mo dheirfiúr Máire go maith ar an ngiotár. Teangacha? Bhuel, tógadh le Gaeilge mé, mar sin tá Gaeilge agus Béarla líofa agam. Níl Fraincis ar bith agam – is dóigh liom go bhfuil sí ródheacair mar theanga.

Deirbhile:
D'fhoghlaim mé Gaeilge ar scoil - tá go leor Gaeilge agam, is dócha, ach níl sí chomh líofa le mo chuid Béarla. Tá beagán Fraincise agam agus is breá liom an teanga. Téim ag snámh cúpla uair sa tseachtain, is aoibhinn liom é. Is maith liom ceol ach níl bua an cheoil agam faraor. Scileanna ríomhaireachta? Cinnte, tá sé an-éasca ríomhaire a úsáid nuair a bhíonn cleachtadh agat air.

1. An féidir leat é sin a rá arís, le do thoil?
2. An bhféadfá ‘foghlaim’ a litriú?
3. An dtuigeann tú?
4. Cad a chiallaíonn ‘sciáil’?
5. An bhfuil clóscríobh agat?
6. An bhféadfá labhairt níos moille?
7. Cén chaoi a bhfuil ag éirí leat?
8. An bhfuil sé deacair ríomhaire a úsáid?