Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 12

Séamas: Bhí mé sa Fhrainc ar laethanta saoire anuraidh le cúpla cara. D’fhan mé in óstán beag cois farraige. Bhí sé go hálainn ar fad. Chuaigh mé ag snámh gach lá agus d’ith muid i mbialanna deasa gach oíche.

Daithí: Bhí mé san Iodáil le mo dheirfiúr. D’fhan muid i mbrú i mbaile beag in aice leis an Róimh. Bhí an brú ceart go leor, ar a laghad bhí sé ciúin agus glan.

Peadar: Bhí mé in Albain leis na páistí ansin le gairid. D’fhan muid i gcarbhán i láthair champála an-mhaith – bhí bialann, siopa agus linn snámha ann fosta agus go leor áiseanna eile do na páistí.

Áine: Chaith mé coicís sa Spáinn le mo thuismitheoirí. D’fhan muid in árasán gar do Bharcelona. Bhí sé ceart go leor ach b’fhearr liom dul go dtí óstán an bhliain seo chugainn. Chuaigh muid go Barcelona cúpla uair ach chaith muid an chuid is mó den am ag snámh san fharraige nó sa linn snámha agus ag siúl faoin tuath.

Michelle: Chaith mé féin agus mo chara Anna seachtain sa Ghréig, cúpla mí ó shin. D’fhan muid i dteach lóistín agus bhí sé ana dheas ar fad. Bhí bean an tí cairdiúil go leor. Chuaigh mé ag snámh gach lá agus chuaigh muid chuig bialanna deasa agus chuig na tithe tábhairne san oíche.

  1. I mBaile Átha Cliath, bhí sé fliuch – bhí sé ag cur báistí agus bhí sé gaofar.
  2. I Krakow sa Pholainn, bhí sé an-fhuar agus bhí sé scamallach.
  3. I Pisa san Iodáil, bhí sé fuar ach grianmhar.
  4. I Londain Shasana, bhí an aimsir go dona, bhí sé ag cur báistí agus bhí sé gaofar, agus fuar an lá ar fad.
  5. Thall i mBarcelona na Spáinne, bhí an aimsir go hálainn, bhí sé grianmhar agus te go leor.
  6. I Montréal i gCeanada, bhí sé ag cur sneachta agus bhí sé an-fhuar.
  7. I Sydney, san Astráil, bhí an aimsir go hálainn, bhí sé grianmhar agus an-te.
  8. I St Petersburg sa Rúis, bhí an aimsir go dona, bhí sé an-fhuar agus bhí sé ag cur sneachta.
  9. I nGlaschú, in Albain, ní raibh an aimsir go deas, bhí sé ag cur báistí, agus bhí sé scamallach.

 

CUID A

Thaitin

Te

Róthe

Téann

Ní théann

Tosaíonn

Ní thosaíonn

CUID B

Thaitin an áit liom.

Bhí sé te.

Bhí sé róthe.

Téann sé ag snámh gach lá.

Ní théann sé ag siúl rómhinic.

Tosaíonn an dioscó ar a deich.

Ní thosaíonn an seisiún go dtí a haon déag.

Micheál: Bhí mé sa Spáinn ar laethanta saoire i mbliana. Bhí an aimsir an-te ar fad. Chuaigh mé ann le mo dheirfiúr agus d’fhan muid in árasán. Bhí áiseanna maithe sa cheantar – thaitin an áit go mór liom. Bhí na daoine an-chairdiúil agus thaitin bia na Spáinne go mór liom - bhí sé an-deas ar fad.

Orla: Bhí mé i Meiriceá ar saoire i mbliana le m’fhear céile. Chaith muid seachtain i mBostún agus d’fhan muid in óstán an-deas ansin i lár na cathrach. Bhí an aimsir an-fhuar ach níor chuir sé sin isteach nó amach orainn. Chuaigh mé ag siopadóireacht agus cheannaigh mé a lán éadaí do na páistí. Bhí an bia agus an lóistín saor go leor. Thaitin an tsaoire go mór liom agus ba bhreá liom dul ar ais an bhliain seo chugainn.

Sophie: Bhí mé sa Ghréig ar saoire i mí Iúil. Bhí an aimsir go hálainn - bhí sé te agus grianmhar gach lá. D’fhan muid i dteach lóistín. Bhí sé ciúin agus glan agus bhí na seomraí go deas. Chuaigh mé ansin le mo chara. Bhí an áit ceart go leor ach ní raibh an bia deas.

Lorcán: Bhí mé i gCeanada ar saoire i mbliana le mo bhean chéile. Bhí sé fuar agus bhí sé ag cur sneachta. D’fhan muid i dteach lóistín. Ní raibh an lóistín ródheas ach bhí an áit féin go hálainn agus thaitin sé go mór linn.

  1. Cén cineál lóistín a bhí agat?
  2. Cén áit a raibh tú ar saoire i mbliana?
  3. Cad é mar a bhí an aimsir?
  4. Ar thaitin an áit leat?
  5. An raibh tú ar laethanta saoire i mbliana?
  6. Cé a chuaigh leat?

Cainteoir 1: Bhí mé sa Spáinn ar saoire i mbliana. Bhí mé ansin le mo chlann - réitigh muid go maith le chéile. D’fhan mé in árasán – bhí sé deas agus glan ach bhí sé róbheag do ghrúpa mór. Bhí an aimsir róthe – bhí teocht 34° céim ann gach lá.

Cainteoir 2: Chaith mé coicís i Meiriceá anuraidh. D’fhan mé féin agus mo chara in óstán. Níor thaitin an áit liom – bhí sé rómhór agus ní raibh na daoine róchairdiúil. Ach bhí an aimsir go maith – bhí sé te agus grianmhar an chuid is mó den am.

Cainteoir 3: Bhí mé sa Fhrainc cúpla mí ó shin. Chuaigh mo chara Oisín liom. D’fhan muid i mbrú i sráidbhaile beag in aice le Bordeaux. Thaitin an bia go mór liom agus bhí na Francaigh an-chairdiúil. Bhí an aimsir go hálainn freisin– te agus grianmhar. Chaith muid na laethanta cois farraige ag snámh, ag léamh agus ag dul go dtí na tithe tábhairne san oíche.

Cainteoir 4: Chaith mé seachtain sa Ghréig i mbliana. Thaitin an áit go mór liom féin agus le mo dheirfiúr a bhí liom. D’fhan muid i dteach lóistín. Bhí an seomra go deas agus glan ach níor thaitin an bia liom. Is fearr liom bia na hIodáile. Beidh mé ag dul go Cúba an mhí seo chugainn.

Cainteoir 5: Bhí mé san Iodáil le m’fhear céile. Thaitin an áit liom – bhí muid ag fanacht i mbaile beag faoin tuath. Tá an tír go hálainn agus bhí na hIodálaigh an-chairdiúil. Ar an drochuair, ní raibh an aimsir go maith - bhí sé fuar agus gaofar agus fliuch fiú. Bhí mé sásta leis an lóistín – d’fhan muid in óstán deas, compordach agus bhí dinnéar deas againn gach oíche.