Cluas Tuiscint / Listening Comprehension
Topaic 13
Script - 02 Máthair agus páiste
Clíona: A Shadhbh, ith suas do bhricfeasta go beo! Beimid déanach don scoil!
Sadhbh: Tá mé críochnaithe!
Clíona: OK, téigh suas an staighre anois agus nigh d’aghaidh.
Sadhbh: Ceart go leor, a mham.
Clíona: Faigh do mhála scoile agus tú thuas staighre.
Sadhbh: Tá sé agam.
Clíona: Cuir ort do chóta.
Sadhbh: Ach níl sé fuar!
Clíona: Cuir ort do chóta a dúirt mé agus do lámhainní.
Sadhbh: Ceart go leor!
Clíona: Cas timpeall go bhfeice mé… Dún an cóta, le do thoil.
Sadhbh: Ach níl…
Clíona: Dún an cóta agus tar amach go dtí an carr go tapaidh.
Sadhbh: Tá mé ag teacht.
Clíona: Dún an doras i do dhiaidh.
Sadhbh: Tá sé dúnta!
Clíona: Brostaigh ort! Táimid déanach cheana féin.
Script - 04 An Fhoghraíocht - i agus í
CUID A
ith,
i Meiriceá
bith
cith
pictiúr
bricfeasta
milseog
bille
biseach
dinnéar
CUID B
suigh – suígí
nigh – nígí
luigh – luígí
CUID C
bí – bígí
éirigh - éirígí
tosaigh - tosaígí
críochnaigh – críochnaígí
CUID D
pian, Brian, Cian, grian
Script - 06 Séamus as baile
Hi Terry, Séamus anseo. Tá mé ag dul ar laethanta saoire anocht, mar is eol duit. Seo na treoracha chun aire a thabhairt do Nugg, an madra. Faigh an eochair ó Joe in uimhir a sé. Téigh chuig mo theach. Oscail doras an tí agus múch an t-aláram. Téigh isteach sa chistin. Cuir an solas ar siúl. Oscail an cófra in aice leis an gcuisneoir. Faigh canna as an gcófra. Nigh babhla an mhadra. Fág go leor bia sa bhabhla do lá amháin. Fág an solas ar siúl sa chistin. Dún an doras i do dhiaidh. Tabhair an eochair ar ais do Joe. Go raibh míle maith agat!