Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 11

Deirdre: Is mise Deirdre. Tá mé cúig bliana d’aois. Tá gúna orm agus stocaí glúine agus bróga. 

Sharon : Sharon is ainm dom. Tá sciorta á chaitheamh agam le blús agus tá cóta orm freisin. 

Philip: Haigh. Philip anseo. Tá culaith á caitheamh agam agus léine agus bróga, ar ndóigh.

saor

seo

stocaí

geansaí

oráiste

sin

singil

sásta

sciorta

siopa

deas

glas

pósta

páiste

siúinéir

sealadach

Stocaí 

donn 

bróg 

oráiste 

mór 

fo-éadaí 

dorcha 

gorm 

cóta 

  1. te, le, Eithne, eile, bríste, páiste 
  2. é, éadaí, léine, éadrom, cé mhéad, léine
  3. te, le, Eithne, eile, bríste, páiste
  4. é, éadaí, léine, éadrom, cé mhéad, léine

Ailín 

Ailín: Féach ar an ngúna seo, nach bhfuil sé sin go deas?
Pól: Ní maith liom é. Tá sé an-fhada.
Ailín: Bhuel céard faoin sciorta deas dearg seo?
Pól: Tá sin deas, ceart go leor. Cé mhéad atá air?
Ailín: Daichead Euro, nócha naoi cent.
Pól: Ó tá sin an-daor.
Ailín: Níl sin daor. Sílimse go bhfuil sé sin saor. Féach anseo tá daichead a naoi nócha naoi ar an gceann seo agus níl sé deas ar chor ar bith.
Pól: Mmm. An bhfuil tú chun é a cheannach, mar sin?
Ailín: Tá. Is maith liom go mór é.

Pól

Pól: Ba mhaith liom féin geansaí agus léine a cheannach.
Ailín: Sin léine dheas thall ansin.
Pól: Cé acu ceann?
Ailín: An ceann buí in aice leis an ngeansaí gorm.
Pól: Mmmm. Cé mhéad atá air?
Ailín: Naoi Euro is tríocha agus nócha naoi cent.
Pól: Hmm tá sin saor go leor. Sin an ceann ceart mar sin.
Ailín: Cad faoi do gheansaí?
Pól: Ara, lá éigin eile.
Ailín: Sin sin, mar sin.