Celtic Junction Arts Review

The Odyssey in Irish: The Test of the Bed

Translation by Réamonn Ó Ciaráin

Teist na Leapa

Baineann Odaiséas an comórtas boghdóireachta a shocraigh a bhean chéile leis an 

suiríoch ab fhiúntaí a roghnú lena pósadh. Déanann sé sléacht ar an lucht suirí 

ansin le cuidiú Theileamacais, Eomaeas agus Atanae. Tá lúcháir 

ar Phéanalopae go bhfuil a fear céile tagtha abhaile ach amhras uirthi ag an am 

chéanna gurb é a fear céile é.

Penelope. De Young Museum of San Francisco.
Chuir Eoraicléia ola olóige ar chraiceann Odaiséis nuair a tháinig sé 
amach ón fholcadán agus ghléas sí san éide is fearr sa teach é. 
Chuir Ataena faoi dhraíocht áilleachta ansin é a rinne fear níos airde 
agus níos neartmhara de. Bhí folt breá gruaige air anois ar 
nós bláthanna iasainte. Bhí sé mar a bheadh saothar ealaíne de 
chuid ealaíontóra ardoilte a d’fhág ina dhia é ag lonradh ó bhun go 
barr le hór agus le hairgead. Shuigh sé ar an chathair os comhar a 
mhná céile agus dúirt, ‘Is aisteach an croí a thug déithe Oilimpis 
duit a Phéanalopae, nach féidir a dhéanamh níos boige. Ní dhéanfadh
aon bhean eile a croí chomh crua agus atá do cheannsa le fáilte a 
choinneáil siar óna fear céile i ndiaidh scór bliain a scartha ag 
cogadh agus ag anró agus é i ndiaidh teacht abhaile chuig a bhaile 
dúchais sa deireadh. A Eoraicléia, a chroí, socraigh leaba dom féin 
agus codlóidh mé liom féin mar is crua an croí atá i gcléibh mo 
mhná céile anseo.’

‘A fhir thréin,’ a d’fhreagair Péanalopae, ‘níl mé bródúil agus ní beag 
liom thú. Níl aon iontas orm ach an oiread faoin fhear bhreá atá 
romham mar is maith is cuimhin liom an cineál fir a bhí i m’fhear 
céile agus é ag imeacht ó Iteaca ar long na rámhaí fada.’ Thiontaigh
sí chuig Eoraicléia: ‘Tóg amach anseo an stoc láidir leapa a rinne
m’fhear céile lena lámha féin. Cuir amach anseo í agus cóirigh le 
lomra caorach, le ruga agus le bratacha í.’
Ba ghaiste é seo don strainséir agus bhí a fhios ag Odaiséas go 
maith. Tháinig corraí air agus bhí brí sna focail a dúirt sé lena 
bhean chéile. ‘Cé a bheadh ábalta ár leaba a bhogadh áit ar bith 
eile? Bheadh sé sin dodhéanta ag an fhear is láidre ar dhroim an 
domhain. Ní bheadh ach dia ábalta an leaba sin a bhogadh an 
dóigh a bhfuil sí deartha go daingean agus go casta. Tá rún mór ag 
an leaba chéanna. Mé féin agus níorbh é aon fhear eile a thóg an 
leaba sin. Bhí crann ológ fad-duilleog ag fás sa chúirt istigh. Bhí a 
stoc chomh tiubh le colún agus d’fhás a chuid craobhacha go tréan.
Thart ar an chrann seo a thóg mé seomra ár bpósta agus chuir 
críoch leis le clocha teannta le chéile. Chuir mé díon maith suas 
agus chroch doirse teanna. Ansin ghearr mé ar shiúl na craobhacha
duilleogacha agus bhearr an stoc ón bhonn aníos agus líomh mé 
go cúramach é le tál lena a dhéanamh chomh díreach le feag. Air 
seo, rinne mé cuaille na leaba inar chuir mé na poill go ealaíonta le
hágar. Shnoigh mé amach ár leaba ansin go dtí go raibh sí réidh le 
maisiú le hór, le hairgead agus le heabhar fosta. Shín mé iallacha 
damh-sheithe a raibh dath corcra orthu trasna na leapa ansin. Liom 
féin a rinne mé an obair seo. Seo na rúin a dhearbhaím más í an leaba chéanna 
san áit chéanna í, leaba ár bpósta.’
Bhí glúine Phéanalopae ar crith a fhad agus a bhí a fear céile ag caint.
Leáigh na focail seo a croí. Ní thiocfadh le fear ar bith eile na rúin 
seo a rá ach amháin Odaiséas. Rith sí chuige agus í dall ag na 
deora. Rug sí greim muiníl air agus phóg a cheann arís agus arís. 
Ansin dúirt sí, ‘Ná bíodh fearg ort liom, a Odaiséis,’ ar sí. ‘B’fhear 
tuisceanach thú riamh anall. Ba iad na déithe a leag an trioblóid seo
uilig orainn. Ba bheag leo dlúthchaidreamh ár n-óige thíos 
anseo agus scar siad sinn óna chéile agus seo anois muid ar thairseach 
na seanaoise. Ná bíodh teann le fearg nár chuir mé fearadh na 
fáilte romhat agus an dá lámh sínte amach agam. Ní raibh ann ach 
an scáth dorcha buartha a bhí arm gur fealltóir cráite croí eile a bhí 
ionat tagtha anseo le mo mhealladh le bréaga. Ach ní baol dom é 
sin anois. Is tú m’fhear céile agus rún mo chléibh.’
Bhí brón mór i gcroí Odaiséis agus é ag éisteacht. Chaoin sé deora 
ar cheann a mhná. Chuir siad an fháilte chéanna roimh a chéile 
ansin agus a chuirfeadh mairnéalaigh a ndearna Posaedón a long a 
scrios amuigh ar an fharraige mhór ach ar tháinig cúpla duine acu 
slán ó thonnta a mbáite agus a bhí anois ag snámh i dtír, coirt an 
tsáile tiubh ar a gcoirp. Mar an gcéanna leis an fháilte a chuir iad 
siúd a tháinig slán ó dhoimhne dhorcha Phosaedóin roimh an trá, a 
bhí an fháilte a chuir Péanalopae agus Odaiséas ar a chéile i ndiaidh 
na mblianta fada fanachta. Ní raibh fonn ar cheachtar acu 
scaoileadh leis an duine eile. 
Odysseus and Penelope by Francesco Primaticcio (1563)
Mar seo a bhí siad, greim docht ar a chéile ag caoineadh le háthas 
nuair a thóg Lampas agus Paetón, capaill bhreátha Aigéine, 
méara dearga na maidine chucu ón Oirthear i ndiaidh na hoíche 
fada seo in Iteaca mar a rinne siad gan teip ó thús ama.

The Test of the Bed – Teist na Leapa: Section here by A.T. Murray 152 to 231