Celtic Junction Arts Review

The Odyssey in Irish: The Washing of the Feet and the Recognition of the Scar

Réamonn Ó Ciaráin

Réamonn Ó Ciaráin and Ciara Ní É
Réamonn Ó Ciaráin and Ciara Ní É at the Imram event in Dublin’s Smock Alley Theatre.

Réamonn Ó Ciaráin was invited to translate some sections from the later part of the Odyssey by Liam Carson, director of Imram – Irish language literary festival which took place in October 2019. The wonderful Ciara Ní É read the script prepared by Réamonn on the night for which there was a near capacity audience in Smock Alley Theatre in Temple Bar, Dublin. For the same night, Irish language author Darach Ó Scolaí translated some earlier sections in the Odyssey and his pieces were read by Barra Ó Súilleabháin. Both Darach and I were asked by Liam because we both have produced versions of the great Irish Epic Táin Bó Cuailgne. Having worked on the Táin proved to be a great help with working on the ancient Greek poem of Homer.

What I did to complete these challenging translations was to translate the text into meaning and then worked from that crib to develop the Irish language version. I received some initial guidance from Fiachra Mac Góráin, Associate Professor of Classics at University College London. He suggested using the A. T. MURRAY translation of THE ODYSSEY. 

You can find The Odyssey in Irish: At Home At Last here.

Ní na gCos agus Aithint an Choilm

English section by A.T. Murray, 349 to 503.

Chuaigh Péanalopae chun cainte leis an strainséir le fáil amach an raibh 
scéal aige faoina fear céile, Odaiséas. Chuir sé iontas uirthi oiread eolais 
a bhí ag an strainséir seo ar fhear céile s’aici agus ar chogadh na Traí. D’inis 
Péanalopae dósan faoin lucht suirí agus a cuid iarrachtaí féin moill a chur 
orthu maidir lena pósadh tríd an méid den ghúna pósta a bhí fite aici i rith an 
lae a scaoileadh óna céile san oíche. Thuar an strainséir seo go dtiocfadh
Odaiséas abhaile go cinnte agus nach i bhfad eile a  bheadh orthu fanacht.

Penelope by Franklin Simmons, marble, 1896. On display at the De Young Museum in San Francisco. CC0

‘A strainséir eagnaí,’ arsa Péanalopae, ‘níor tháinig cuairteoir riamhchugainn anseo a bhí chomh stuama leatsa. Tá léargas domhainagat ar chúrsaí an tsaoil. Lig dúinn do chosa a ní. Ba chóir dúinnfáilte cheart a chur romhat. Tá seanchailín ag obair againn a bhfuilcroí na tuisceana aici. Ba í an bhanaltra chíche a bhí ag m’fhearuasal céile, Odaiséas bocht, ón lá a tháinig sé ar an tsaol. Iarrfaidhmé uirthi do chosa nimhneacha a ní. Tar chugainn anseo aEoraicléia chríonna go nífidh tú cosa an fhir bhoicht seo. Tá a chuidlámh agus a chuid cos mar a bheadh lámha agus cosa Odaiséisanois is dócha i ndiaidh scór bliain. Nach gasta a thiteann na blianta  ar fhir agus iad faoi shlata na hurchóide.’

Chrom an seanchailín a haghaidh isteach i mbosa a lámh agus thitdeora teo óna cuid súl. Ag smaoineamh ar a máistir a bhí sí.‘Mo léan, thug Séas a chaitheann na splancacha toirní, gráin duit thar dhuinear bith eile? Thug tú altú umhal do na déithe. Níor ofráil aon fhearriamh an oiread sin íobairtí loiscthe ná heiceatóim do Shéas agus arinne tú féin. Níor iarr tú riamh mar chúiteamh ach go sroichfeáblianta na seanaoise le bheith in ann d’aon mhac, Teileamacas, athógáil mar a dhéanfadh athair ar bith eile. Nach trua ár gcás nárfhill tú ó Chogadh na Traí agus go bhfuil tú ar shiúl ó do mhuintirféin i dtír choimhthíoch agus na mná ansin ag spochadh asat iscinnte agus tú ar lorg déirce ó lucht an tsaibhris mar a dhéanann na  bitseacha gránna sa teach seo leatsa anseo, a strainséir. Ní hiontasar bith é nár mhaith leat ligean d’aon duine acu sin, lucht do chéasta,  do chosa bochta a ní. Ach lig domsa a strainséir chaoin. Déanfaidh méé ar son na mná cneasta seo, Péanalopae, agus ar do shon féin. Ní beagan trua atá agam duit i mo chroí. Ach éist! Is fíor an méid a dúirt anmháistreás chóir. Is iomaí strainséir dearóil a tháinig chun an tí seo arlorg déirce ach, leis an fhírinne a dhéanamh, ní fhaca mé riamh fear inameasc a bhí chomh cosúil le fear eile agus atá tusa le hOdaiséas. Tá anguth céanna, an cruth céanna agus na cosa céanna agat agus a bhí agOdaiséas.’

The mountain, Parnassos
The mountain Parnassos by Electron08 – Own work, CC BY-SA 3.0

‘A sheanchailín chaoin,’ arsa Odaiséas, ‘tá sé fíor go ndúirt aonfhear a chonaic mé féin agus Odaiséas in aon áit amháin gurbh émo leathbhreac é díreach mar atá ráite agat féin agus ag máistreásan tí.’

Líon an seanchailín leath an bháisín le huisce fuar agus líon suasan leath eile le huisce te agus í ar tí cosa an bhacaigh a ní. I dtobainnetharraing Odaiséas siar ó sholas na tine. Chuimhnigh sé  go n-aithneodh an seanchailín é chomh luath a leagfadh sí lámh aran cholm ar a chos agus go mbeadh a scéal scaoilte. Tharraing síníos cóngaraí dó arís agus thosaigh ag ní na gcos. Láithreach,d’aithin sí an colm a d’fhág torc fiáin lena starrfhiacail ghéar ar chos  Odaiséis, nuair nach raibh sé ach ina ghasúr óg. Scrúdaigh sí ancolm go cúramach. Ar a mhothú a d’aithin sí cé a bhí ann. Lig sídon chos titim san uisce de phlab ag doirteadh á raibh sa bháisínamach ar an urlár leis an iontas a bhí uirthi. Bhuail sonas agus brón  go tobann í. Bhí tocht an ghoil ar a glór. Chuir sí méar ar smigOdaiséis agus dúirt i gcogar, ‘Tá sé fíor. Is tú Odaiséas, mo leanbhionúin. Ní raibh a fhios agam go dtí gur leag mé lámh ar do chosagur tú mo mháistir féin. Tá sé fíor.’

Odysseus and Eurycleia by Christian Gottlob Heyn, Public Domain

D’amharc sí i dtreo Phéanalopae agus fonn uirthi insint di go raibh afear céile tagtha abhaile. Níor chuir Péanalopae suntas ar bith samhéid a bhí ag tarlú mar bhí a haird tarraingthe go huile is gohiomlán den bheirt eile ag Ataene. Rug Odaiséas greimsceadamáin ar an tseanchailín lena lámh dheas agus tharraingchuige féin í leis an lámh chlé. ‘A mháthairín dhil,’ ar sé os íseal, ‘armhaith leat mé a scrios? Tusa a thug an chíoch dom nuair nachraibh mé ach lá d’aois. Tá mé i ndiaidh scór bliain a chaitheamh agdéanamh mo bhealaigh ar ais anseo chuig mo bhaile dúchais. Tá afhios agatsa anois cé mé ach coinnigh agat féin é, mar máfhoghlaimíonn aon duine eile sa teach seo cad é atá ag tarlú agusmá fhágann na déithe mo neart agam leis an lucht craosach suiríseo a chloí, ní spárálfaidh mé oiread agus duine acu ná tusa achanoiread má chuireann tú stop leis an phlean seo nó le toil nandéithe.’

‘A pháiste mo chroí,’ arsa Eoraicléia, ‘ró-ghasta a labharann tú. Táa fhios agat an miotal as a bhfuil mé déanta. Beidh mé chomh balbhle cloch. Is féidir leat brath orm. Más toil leis na déithe go gcuirfidhtú deireadh leis an lucht suirí seo atá dó-shásaithe, déanfaidh ména mná a bhí dílis duit agus iad siúd a bhí fealltach agus a loic ort ido theach féin a ainmniú.’  ‘Ní bheadh ort é sin a insint dom, a mháthairín,’ a dúirt Odaiséas,‘mar beidh a fhios agam féin go maith cé hiad agus agam féin abheas sé an breithiúnas a thabhairt orthu uilig. Níl le déanamhagatsa ach an scéal seo a choinneáil agat féin agus ligean do nadéithe aire a thabhairt do gach rud eile.’

Leis sin tharraing Odaiséas níos cóngaraí do theas na tine agus ligdon tseanchailín a chosa a ní agus a olú. Tharraing sé naceirteacha anuas thar an cholm nuair a bhí sí críochnaithe.