Celtic Junction Arts Review

Oireachtas na Gaeilge – Treoir Riachtanach

Le
Réamonn Ó Ciaráin

This article first appeared in English in CJAC Issue 24. Read it here.

Ar an bhealach abhaile ó Oireachtas na Samhna 2023 i gCill Airne ar bhruach Loch Léin bhí postálacha tnúthánacha ar na meáin shóisialta cheana féin ag santú theacht na bliana seo chugainn.

By Christophe Meneboeuf – Personal work.More photos related to Ireland on my photoblog: http://www.pixinn.net, CC BY-SA 3.0, https://commons.wikimedia.org/w/index.php?curid=3261067

Sa Ghaeilge gheibh tú réimse focal agus logainmneacha a thugann le fios dúinn daoine ag cruinniú le chéile:  dáil, tionól, slógadh, aonach, feis, ardfheis, féile, tóstal, fleá agus ar ndóigh oireachtas. Is í Oireachtas na Samhna, a tharlaíonn ag Féile na Samhna, príomhfhéile bhliantúil na Gaeilge.  Maireann sí 5 lá agus ofrálann léachtaí, ócáidí bronnta, greann, rince, díospóireachtaí, ócáidí eolais, imeachtaí lainseála, litríocht, ceol, sceitsí, amhránaíocht, raidió, teilifís agus rith go fiú.  Is í an gliú a ghreamaíonn gach rud le chéile go sócúlach ná an Ghaeilge. Meascann cainteoirí dúchais ón Ghaeltacht le foghlaimeoirí, cainteoirí atá líofa agus iad siúd idir eatarthu; daoine a bhfuil grá acu don teanga go bunúsach. Cé go bhfuil an Ghaeilge barr-thábhachtach le linn na féile cuireadh póilíní na gramadaí ar lán-scor blianta fada ó shin. Bíonn breis agus 60 comórtas Gaeilge ag mealladh 900 iomaitheoir agus thart ar 10,000 de lucht freastail ar 150 imeacht. Scoth na preab-Ghaeltachta d’fhéadfá a rá. Sa  bhliain 1897 a tharla an tOireachtas den chéad uair sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Tá an INEC taobh le hÓstán Brehon i gCill Airne ar cheann de na háiteanna, nach mór a líon, atá mór go leor leis an Oireachtas a óstáil leis an fhás as cuimse atá tagtha ar an fhéile le 20 bliain anuas.

Eagraíonn fo-ranna rialtais, eagraíochtaí agus comhlachtaí ócáidí, cruinnithe agus lainseálacha ach ní éiríonn leo an spraoi a mhilleadh go hiomlán leis an obair. Déantar an gnó ar fad trí mheán na Gaeilge. Ar an chéad oíche, An Chéadaoin, tarlaíonn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide An Oireachtais agus súil mhór leo gach bliain lena bhfuil de ghalántacht agus de bhreáthacht. Aithnítear barr feabhais sa scannánaíocht, sa léiriú, sa raidió, san iriseoireacht mar aon le gradam saoil a bhronntar ar dhuine éachtach. I mbliana bronnadh an gradam sin ar an iriseoir Eoghan Ó Néill as Béal Feirste agus nach aige a bhí sé tuillte. Thug sé óráid ghlactha gan script a bhí domhain agus corraitheach. A thábhachtaí is atá sé aitheantas mar shaoi a fháil ag féile mar seo is tábhachtaí fós é agus tú ag saothrú i dteanga mhionlaithe. 

Oireachtas na Gaeilge

Gach bliain, roghnaíonn TG4, a bunaíodh Oíche Shamhna 1996,  clár atá le craoladh ar an chainéal le lainseáil ag an Oireachtas. I mbliana phioc siad léiriú ealaíonta uair an chloig ar Gael Linn agus an comhlacht 70 bliain ar an fhód. D’amharc thart ar 300 aoi ar an première seo agus chonaic siad cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír ó lipéad Gael Linn ag seinm beo den-ardán agus daoine eile ag insint scéal suntasach na heagraíochta ag athneartú na Gaeilge agus a hoidhreachta go nuálach trí chistíocht, ceol, scannánaíocht, raidió, biongó, imeachtaí scoile agus drámaíocht. Is maith mar a d’éirigh le AniarTV é seo go léir a dhéanamh gan straidhn taobh istigh d’uair an chloig. Admhaím go cinnte nach mé an duine is neamhchlaonta sa chás seo ach thug na deora a cuireadh le súile an lucht féachana teistiméireacht áititheach ar chumhacht agus ealaín léirithe an chláir seo. Is féidir leat amharc ar Gael Linn ag 70 áit ar bith ar fud na cruinne anseo. Déan suas d’intinne féin!

Níos moille ar an Aoine gach bliain bíonn oíche speisialta bréagéadaí do na mic léinn ollscoile agus leaindeálann siad ar na scórtha busanna réidh le páirt a ghlacadh ina bhfeisteas fad-réamhbheartaithe; cuid acu simplí, cuid acu sofaisticiúil, cuid acu ó fhoinse fíordhraíodóireachta. ‘Siar go maith’ san oíche bogann na mic léinn ar aghaidh chuig Club oibleagáideach na Féile don cheol beo. Tarlaíonn Club na Féile mall san oíche, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn. Le blianta fada anois, is le Polca 4, an t-ardán seo lena leagan sainmhairc de Ó Neilí Neilí agus cuireann siad cluain as an úr ar an chuideachta gach uair a sheinneann siad é. Bí ag amharc ar an leagan sochma anseo.

Oireachtas na Gaeilge

Dé Sathairn ar 3.00 i.n. ghríosaigh 300 mac léinn iad féin go siosmaideach le suíochán cois fáinne a ghlacadh do dhíospóireachtaí na n-ollscoileanna ar son nó i gcoinne an rúin ag maíomh gur maith ann an t-ardú i ndaonra na hÉireann. Tar éis díospóireachta a bhí teasaí ach tomhaiste thug aoichainteoir an lae, Eoin Ó Catháin, Raidió na Gaeltachta tráth agus anois ina stiúrthóir ar IBEC, caint bhreá ar na dóigheanna ar chuidigh an Ghaeilge leis ina ghairm go dáta. Thug sé seo faill do na moltóirí Aaron Ó Conaill agus Gráinne Ní Ailín ó Ollscoil na Tríonóide a roghnú mar churaidh chomórtas díospóireachta tríú leibhéal Gael Linn 2023.

Is ionann Corn Uí Riada agus buaicphointe Oireachtas na Samhna do dhaoine go leor. Comórtas amhránaíochta ar an tsean-nós atá ann a bhfreastalaíonn breis agus 1000 duine air agus a chraoltar beo ar  Raidió na Gaeltachta agus ar aip TG4. Ainmníodh an comórtas i gcuimhne ar an chumadóir agus cóiritheoir ceoil Seán Ó Riada (1931 – 1971). Maireann sé 4 uair an chloig. Le bheith cáilithe ní mór d’iomaitheoirí an chéad áit nó an dara háit a bheith buaite acu roimhe i gcomórtas na mban nó na bhfear. Ó 1972 tá na hiomaitheoirí ag canadh amhráin ghasta agus amhrán mall agus iad ag iarraidh a bheith liostáilte i measc na mór agus na maithe san ealaín ársa uathúil seo. 22 a chuaigh san iomaíocht i mbliana. Anois is arís faigheann siad athghlaoch le teastáil eile a dhéanamh ar a gcaighdeán agus a nguaim. Colm Jimmy Ó Curraoin ó Chonamara a thóg leis an churadhmhír i mbliana. Is féidir amharc air anseo.

Trophy from Corn Uí Riada

Bíonn spás speisialta sa phríomhionad tiomnaithe do stallaí na n-eagraíochtaí ón earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn gach bliain.  Bíonn an-tóir ar mhálaí tote le go mbeidh an lucht freastail ábalta oiread is féidir rudaí saor in aisce a chruinniú. Ó thús deireadh na féile bíonn daoine ag gluaiseacht ó imeacht go himeacht. Bíonn na hionaid uilig thar a bheith gnóthach agus ag cur thar maoil isteach chuig gnóanna máguaird; siopaí, bialanna agus tithe tábhairne. Déanann óstáin agus soláthróirí eile go maith ag am sa bhliain nach mbeadh éileamh ró-mhór orthu de ghnáth. Sin an fáth a bhfuil Cill Airne oiriúnach mar bíonn sé ina cheann scríbe ag turasóirí san earrach, sa samhradh agus san fhómhair ach ciúin go leor sa gheimhreadh le neart lóistín de ghnáth ag an tráth seo. Istigh sna príomhionaid glacann sé neart ama do bhealach a dhéanamh fríd na dorchlaí leis an bhreith suas go léir a bhíonn le déanamh le seanchairde. Is minic a ghlac 400 troigh 4 uair a chloig. Táthar ann nach dtéann chuig imeachtaí ar bith, iad siúd nach bhfreastalaíonn ach ar chruinnithe gnó, daoine eile ar na comórtais amháin agus daoine eile a dhéanann meascán de gach sórt. Táthar ann fosta a théann ar strae go sona sa bheáir le haghaidh laethanta iomlána. Mar a tharlódh i scéalta iontais ár sean imíonn laethanta ar luas bomaití ag an Oireachtas. Déantar cairde agus déantar cleamhnais fosta go fiú. Is annamh a chluintear focal crosta.

Féile teaghlaigh í le himeachtaí do gach aois. Tagann turba-threisiú ar aistriú na teanga ó ghlúin go glúin agus ar athnuachan na teanga le linn Oireachtas na Samhna. Gach bliain bíonn an chuma ar an scéal go n-éiríonn An tOireachtas níos mó agus níos mó agus níos óige agus níos óige de réir mar a thiteann breis daoine faoi gheasa ag an fhéile. Ag an Oireachtas, mar a tharlódh anallód ag na hAonaigh Mhóra nuair a dhéantaí plé ar mhórchúrsaí na treibhe, déanann díospóireachtaí agus craoltaí beo scansáil ar mhórcheisteanna a bhaineann le pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta; easpa tithíochta sa Ghaeltacht do mhuintir na háite, easpa uaillmhéine maidir le maoiniú na teanga ag an rialtas agus céimeanna siar ó thaobh na Gaeilge san oideachas; ardú i líon na ndíolúintí ón Ghaeilge nach bhfuil cúis mhaith fána choinne mar shampla.

Oireachtas na Gaeilge

Más suim leat do chumas a thástáil nó clú as measc an tslua a chinntiú bíonn réimse leathan comórtas agus gradam le baint: litríocht, na meáin, agallamh beirte, scéalaíocht, an fhidil, aithriseoireacht, feadóg stáin, lúibíní, ceol beirte, sceitsí, dreas cainte, amhránaíocht sean-nóis, damhsa sean-nóis, amhrán nuachumtha agus díospóireacht. Bíonn duaiseanna suntasacha airgid ag dul le cuid de na comórtais. I mbliana bronnadh duaiseanna arbh fhiú €30K ar bhuaiteoirí sna comórtais liteartha. Orthu siúd a bhain duaiseanna don litríocht thar na blianta ag an Oireachtas bhí; Pádraic Ó Conaire, Daniel Corkery, Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Cadhain, Doirín Ní Ghríofa, Caitríona Ní Chléirchín, Áine Durkin agus go leor leor eile nach iad.

Is cinnte go bhfuil Oireachtas na Samhna ar cheann de phríomhfhéilte cultúrtha na hÉireann. Déanann sé ceiliúradh ar chroí an chultúir agus na hoidhreachta a tháinig anuas ónár sinsear i gcéad teanga an náisiúin. Tríd a bheith páirteach sna comórtais, ag déanamh iarrachta a bheith chomh maith agus a thiocfadh leat a bheith sna healaíona éagsúla nó díreach trí bheith i láthair ag ócáid den ollmhéid seo ardaítear stádas na Gaeilge duit. Spota geal a bhíonn ann i bhféilire phobail na Gaeilge. Ní bhíonn aon easpa gáire. Briseann amhránaíocht agus rince spontáineach amach ar fud na háite. Bíonn am le machnamh a dhéanamh orthu siúd a d’imigh ar shlí na fírinne ó bhí Oireachtas na bliana seo caite ann. Liostálann an chéad leathanach de chlár oifigiúil an Oireachtais na cairde a fuair bás in imeacht bliana. 46 anam a luadh an uair seo. Mí na Marbh atá ann i Mí na Samhna ar ndóigh.  Cé go bhfuil siad imithe uainn amharcann a spioraid anuas ar a bhfuil ag titim amach agus déanann siad miongháire go cinnte mar nach é seo an rud a raibh sé uilig fá dtaobh dó. Anois is arís tarraingíonn siad ar ár sreanga agus i ngan fhios dúinn athraíonn muid cibí rud a bhí ar siúl againn nó an smaoineamh a bhí inár n-intinn agus leanann an tOireachtas ar aghaidh ach níos fearr ar dhóigh éigin.

Is féidir goirmeacha iar-Oireachtais a leigheas trí ghníomh amháin; focal a chur ar do sheomra don bhliain dár gcionn agus mar sin a thosaíonn turas síceach go hOireachtas na Samhna arís – go Meice na nGael.