Cluas Tuiscint / Listening Comprehension

Topaic 2

  1. Is Éireannach í. 
  2. Is Sasanach é. 
  3. Ní Francach í. 
  4. An Iodálach tú? 
  5. Is Meiriceánach mé. 
  6. An Spáinneach tú? 
  7. Is as Luimneach mé. 
  8. In aice le Sligeach 
  9. An bhfuil áiseanna maithe sa cheantar? 
  10. Cá bhfuil tú i do chónaí? 

Script - 06  Ceithre Chomhrá

Comhrá 1

Múinteoir: Cén t-ainm atá ortsa?
Rannpháirtí: Leonardo Matassa an t-ainm atá orm.
Múinteoir: An Francach tú?
Rannpháirtí: Ní hea ach Iodálach. Is as Milan mé ach tá mé i mo chónaí i nDúglas in aice le Corcaigh anois.
Múinteoir: Cén seoladh atá agat in Éirinn?
Rannpháirtí: 52 An tSráid Mhór, Corcaigh
Múinteoir: Cad é d’uimhir theileafóin baile?
Rannpháirtí: 021 828 9426. Agus uimhir mo ghuthán póca.....087 326 6793.

Comhrá 2

Rannpháirtí: Agnes Woczyk an t-ainm atá orm. Is Polannach mé. Is as Krakow mé ach tá mé i mo chónaí anois faoin tuath – in aice le Gaillimh.
Múinteoir: Cén seoladh atá agat?
Rannpháirtí: 65 Sráid na Siopaí, Gaillimh
Múinteoir: Cad é d’uimhir theileafóin baile?
Rannpháirtí: 091 4523987
Múinteoir: Agus uimhir do ghuthán póca?
Rannpháirtí: 086 342 7659

Comhrá 3
Rannpháirtí: Haigh! Is mise Heike – Heike Kohl. Is Gearmánach mé. Is as Bonn mé ach tá mé i mo chónaí in Éirinn anois – cois farraige in aice le Trá Lí.
Múinteoir: Cén seoladh atá agat?
Rannpháirtí: 96 Ard na Rós, Trá Lí
Múinteoir: Cad é d’uimhir theileafóin baile?
Rannpháirtí: 064 397 6735
Múinteoir: Agus uimhir do ghuthán póca?
Rannpháirtí: 085 983 7298

Comhrá 4
Rannpháirtí: Dia daoibh! Is mise Ping Ho. Is Síneach mé. Is as Beijing mé ach tá mé i mo chónaí sna Sceirí in aice le Baile Átha Cliath anois.
Múinteoir: Cén seoladh atá agat?
Rannpháirtí: 87 Bóthar na Trá
Múinteoir: Cad é d’uimhir theileafóin baile?
Rannpháirtí: 01 452 3987
Múinteoir: Agus uimhir do ghuthán póca?
Rannpháirtí: 086 862 6709

Paulo: Dia Duit! Cén t-ainm atá ort?
Áine: Áine Ní Mháille. Agus tú féin? Cén t-ainm ata ortsa?
Paulo: Paulo Boccelli.
Áine: Gabh mo leithscéal? Cad é mar a litríonn tú sin?
Paulo: P-A-U-L-O B-O-C-C-E-L-L-I.
Áine: Cé as tú?
Paulo: Is as an Iodáil mé. An Éireannach tú féin?
Áine: Is ea. Tá mé i mo chónaí i Ros Láir.
Paulo: Chím. Cá bhfuil sé sin?
Áine: Tá sé cois farraige in aice le Loch Garman. Cá bhfuil tú féin i do chónaí?
Paulo: I Valdarno - sráidbhaile faoin tuath in aice le Florence.
Áine: Deas! An bhfuil áiseanna maithe sa cheantar?
Paulo: Ah, níl. Tá siopa amháin ann, scoil, bialann agus séipéal.
Áine:   Tá mé cinnte go bhfuil sé go hálainn. Tá sé deas bualadh leat, a Phaulo. Slán go fóill.
Paulo: Agus deas bualadh leatsa fosta. Slán leat!